Ionad Buail Isteach Ionad Buail Isteach

 汉语普通话, 爱尔兰语(字幕) Русский язык Ирландский язык (субтитры)  espaňol irlandés (con subtítulos) Polski


12ú Féile Scannán Mheiriceá Laidineach na hÉireann

12th Irish Latin American Film Festival


Reachtálfar 12ú Féile Scannán Mheirceá Laidineach na hÉireann, i gcomhar le Seachtain Mheiriceá Laidineach 2011 i mBaile Átha Cliath an 5ú- 8ú Aibreán agus cuirfear iad ar scáileán ag ionaid eile chomh maith [féach www.lasc.ie ]. Beidh cead isteach saor in aisce agus iarrtar ar an lucht féachana a bheith i láthair in am i gcomhair gach scannáin.

Eagraítear an Fhéile Scannán dhátheangach seo inár dteanga dhúchais, an Ghaeilge leis an mBéarla mar thaca agus faoi mar a bhí i bhFéilte roimhe seo, beidh gearrscannáin agus scannáin faisnéise ann. In 2011 cloisfear trí theanga dhúchais de chuid Mheiriceá – Guaraní (Karoi Norte), Quechua (Ukuku) agus Mapuche (La Voz Mapuche). Ní gnách go mbíonn scannáin ar fáil i dtaobh Mheiriceá Láir, ach i mbliana taispeánfar scannán faisnéise den scoth mar gheall ar Honduras agus drochthionchar chomharsa impiriúil Honduras, SAM.

Gabhaimid buíochas ó chroí le lucht déanta scannán agus léiritheoirí ó Mheiriceá Laidineach, agus le lucht déanta scannán ón Eoraip as a ndea-thoil agus a gcomhoibriú éifeachtúil i ndréachtú an chláir d’Fhéile na bliana seo.

Dé Máirt 5 Aibreán
[5.00 pm]
Gearrscannáin Latino (72’)
La Voz Mapuche (113’) [6.30 pm]
Dé Céadaoin 6 Aibreán Gearrscannáin Latino [EU] [5.00 pm]
Alto Gracia (25’) [6.30 pm]
Chasing Che (78’) [7.00 pm]
Déardaoin 7 Aibreán Gearrscannáin Latino 2 (76’) [5.00 pm]
En Defensa de la Madre Tierra (31') [6.30 pm]
Interrogating the torturer (25’) [7.00 pm]
Dé hAoine 8 Aibreán Efecto Dominó (27’) [5.00 pm]
Casanare (52’) [5.30 pm]
Quien dijo miedo (118’) [6.30 pm]



Ionad: Lárionad Chúnamh na hÉireann (in aice Ostán Gresham), Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath 1
Radharc na sráide
Léarscáil

Gearrscannáin Latino 1.


Ukuku [Peiriú/2009/20’] Stiúrthóir: Gastón Vizcarra.
As Quechua, is é an príomhcharachtar sa ghearrscannán seo ná Ukuku, pearsa mhiotasacach a dhreapann na hAindéis chun leac oighir beannaithe a thabhairt ar ais.


O Paraíso em suas Maos [An Bhrasaíl/2010/14’] Stiúrthóir: Carolina Ghidetti Costa.
Meirgí, paimfléid agus óráidí. An driopás a bhaineann le togra mór tógála – parathas i bhur lámha.


Los Maravillistas [An tSile/2009/10’] Stiúrthóir: Richard O Connell.
Portráid álainn de 5 thaibheoir soilse tráchta i lár Santiago. Is breá leo a gceird agus iad ag iarraidh dul chun cinn sa saol.


Laszlo [Meicsiceo/2009/15’] Stiúrthóir: Ehécatl Garage.
Ní féidir le Greta a dhéanamh amach cad ina thaobh go gcaitheann a fear céile Laszlo éide béir.


El Nino y el Mar [Eacuadór/2009/13’] Stiúrthóir: Tito Molina.
Tá buachaill óg ag tógáil caisleán gainimh ag an trá. Ach arís agus arís eile scriosann an fharraige é. Déanann an gearrscannán seo machnamh ar an réadúlachas.


Tigre [An Airgintín/2009/13’] Stiúrthóir: Juan Pinnel.
Cónaíonn Matilde in Tigre lena buachaill agus beirt iníonacha, is cóngaraí iad ó thaobh aoise de leis ná lena máthair!


La Voz Mapuche [Chile/2008/113’] Stiúrthóirí: Pablo Fernández agus Andrea Henríquez
An cuardach chun maireachtaint i dtiún leis an timpeallacht, slí chothrománach chun eagrú agus teacht aniar nár briseadh riamh a chabhraíonn leis an Mapuche comhrac a dhéanamh le 500 bliain anuas. TÁIMID BEO FÓS!

Guth an Mapuche léirítear ceol, péinteáil, filíocht, teanga, deasghnátha agus traidisiúin an Mapuche. Clúdaítear chomh maith stailc ocrais ar son chearta Mapuche a mhair 100 lá sa scannán seo.
Tabharfaidh Ciarán Fitzpatrick, a d’fhill le déanaí ó Mheiriceá Theas, cuntas don lucht éisteachta ar choimhlint an Mapuche.

Gearrscannáin Laidineacha [AE]


Alitas [Sasana/Meicsiceo/2009/13’] Stiúrthóir: Gabriela Palacios.
Eití Beaga is iad Juanita agus Natalia na príomhcharachtair, a théann i dtaithí ar an saol lena máthair. Lá amháin chíonn Juanita eití aingil i siopa.


Oíche Eile [Sasana/an Bhrasaíl/2010/14’] Stiúrthóir: Zaira Brilhante.
Tá rud amháin i bpáirt ag glantóir pictiúrlainne agus ag bean álainn óg – grá do na scannáin.
Beidh an Stiúrthóir i láthair ag an bhFéile [www.zairabrilhante.com].


Pequeña Revolución [an Danmhairg/2009/21’] Stiúrthóir: Marianne Hougen-Moraga
Taistealaíonn an stiúrthóir ón Danmhairg go dtí an tSile chun cuairt a thabhairt ar a huncail, Juan Ramón a chónaíonn i mbaile inmharthana. Stiúrfaidh sé féin agus a bhean Réabhlóid Bheag.


Loucura Suburbana [Sasana/an Bhrasaíl/2009/14’] Stiúrthóir: Philipp Figueroa.
Gealtacht an bhruachbhaile - ainmnítear é as an ngrúpa carnabhail de cheann d’fhorais shíciatracha is tionscantaí de chuid na Brasaíle. Lonaithe ar imeall bocht Rio de Janeiro, tá an foras tar éis cóireáil neamhghnácha a fhorbairt. Mar gheall ar easpa acmhainní leighis bítear ag brath níos mó ar theiripe ceoil agus rince a fhágann go nglacann na hothair páirt sa pharáid charnabhail áitiúil. Tugann an scannán léargas ar an ngaol idir na hothair agus muintir na háite i rith charnabhal Rio ina mbíonn gach poc ar buile.


CuBata [Éire/2010/10’] Stiúrthóir: Kevin Mc Sorley.
I gCuba, cuireadh toirmeasc ar mhná drumaí Bata a sheinnt, de dheasca geas reiligiúnda agus cultúrtha. Sa scannán faisnéise seo labhrann Aleida Sucarrat Torres, drumadóir baineann, mar gheall ar a taithí ar an ngeis seo; tugann na “Chinitos”, teaghlach de lucht seinnte agus déanta drumaí Bata léargas ar thraidisiúin agus ar stair an ghléis cheoil bheannaithe seo.


Alta Gracia [AnAirgintín/2009/25’] Stiúrthóir: Nicolás León.
B’éigean do Che, a saolaíodh in Rosario, bogadh go dtí Alto Gracia mar a raibh an aeráid níos fearr chun a asma a mhaolú, ar chomhairle an dochtúra teaghlaigh agus cara an teaghlaigh, Dr. O Donnell. Is minic cur síos déanta ar shaol Ernesto “Che” Guevara Lynch cheana. Is é atá in Alta Gracia ná fócas ar ghné dhaonna an cheannaire réabhlóidigh ar a óige agus ar é ina dhéagóir. Tugann cuntais neamhfhoilsithe chairde Guevara: Quique Martín, Alfredo Moreschi, Calica Ferrer, Carlos Figueroa, agus a fheighlí leanaí: Rosario Lopez, éachtaint nua dúinn i dtaobh cérbh é féin Ernesto Guevara.


Chasing Che [Iran/2009/ 78’] Stiúrthóir: Alireza Rofougaran.
Tar éis dó beathaisnéis Che Guevara a aistriú go Farsi, tugann an Stiúrthóir faoi thuras ceithre bliana ar Mheirceá Laidineach agus ar an Eoraip, ag rianadh coiscéimeanna Che. Cuirtear é i gcomparáid le Réabhlóid na hIaráine agus t-léinte Che le feiscint ar fud an bhaill, a dhear an tÉireannach, Jim Fitzpartick. [www.chasingche.com]
Táimid tar éis cuireadh a thabhairt do Jim Fitzpatrick, dearthóir íomhá íocónach Che, bunaithe ar ghrianghraf a ghlac Korda chun clár Alta Gracia/Chasing Che a chur i láthair.

Gearrscannáin Latino 2


Karai Norte [Paragua/2009/20’] Stiúrthóir: Marcelo Martinessi.
As Guaraní, teanga dhúchais i bParagua, nuair a bhuaileann beirt stróinséirí le chéile tré sheans ag deireadh an chogaidh chathartha i 1947 in Chaco, Paragua tagann mórán cuimhní chun cinn.


Borboletas Infomitas [An Bhrasaíl/2010/17’] Stiúrthóir: Daniel Chaia.
Peidhleacáin Fhiáine: triúr ban álainn agus seanadóir a bhfuil béasa aite aige na príomhcharachtair.


Tembleque [Puerto Rico/2010/20’] Stiúrthóir: María del Mar Quinones Alos.
Insíonn Idina Paz, cailín scoile 7 mbliana d’aois, dá páirtithe ranga agus dá múinteoir gur cheap sí oideas i gcomhair ceann de na béilte is cáiliúla i bPuerto Rico, an tembleque.


El Rio [Peru/2010/7’] Stiúrthóir Adrian Saba.
Na deacrachtaí atá ag fear atá faoi laincis ag a thaibhrimh agus a chuimhní teacht ar a bhean chéile.


Hotel Astur [An Airgintín/2010/10’] Stiúrthóir: Martina Seminara.
Fágann Ana agus Maria slán ag ostán an teaghlaigh, Astur Hotel in Mar del Plata, díreach sula ndíoltar é. Beidh an Stiúrthóir, ar taispeánadh a céad gearrscannáin REVÉS ag an bhFéile anuraidh i láthair i mbliana ag an bhFéile le cabhair ó rialtas na hAirgintíne.


En Defensa de la Madre Tierra [Sasana/an Spáinn/2010/31’] Stiúrthóir: Native Spirit Foundation.
Ag Cosaint na Máthairthalún déantar cur síos anseo ar chuairt a dhein grúpa seanóirí dúchais (Maya, Kuna, Mapuche agus Aymara) ar an Spáinn agus ar Shasana, a chomhordaigh an Native Spirit Foundation, chun an teachtaireacht a athdhearbhú – nach mór dúinn bheith ceangailte leis an Máthairthalamh chun géirchéim timpeallachta dhomhanda a sheachaint. Is é an 22 Aibreán Lá Idirnáisiúnta na Máthairthalún [www.motherearthrights.org].
Beidh Albert Pellicer, Stiúrthóir Native Spirit Foundation i láthair ag an bhFéile [www.nativespiritfoundation.org].


Interrogating a torturer [Sasana/2009/25’] Stiúrthóir: Rodrigo Vazquez.
Ba é an Sáirsint Julio Hector Simon (64) an chéad chéastóir a ciontaíodh i gcionta i gcoinne na daonnachta san Airginín. Sna 1970í sádach críochnaithe ab ea é a shaothraigh sna hionaid choinneála fholaitheacha a d’fheidhmigh sa tír sin. Inniu, tá a theaghlach, a chairde agus a chomhghleacaithe tar éis é a thréigean fad is atá sé i ngéibheann saoil. An t-aon lucht aitheantais atá aige ná a shéiléirí, iaríospartach darb ainm Gerardo Bruzzessi, ceastóir anois, agus mise.


Efecto Dominó [An Ghearmáin/Cuba/2010/27’] Stiúrthóir: Gabriel Gauchet.
Istoíche i gceantar in Havana tá cúpla fear ag imirt cluiche dominos, ach go hobann deintear smionagar den oíche…


Casanare - Exhumando el genocidio [AnCholóim/2009/52’] Stiúrthóir: Bruno Federico.
Arís agus arís, dúnmharaíonn grúpaí míleata nó paramhíleata daoine sa Cholóim, nó fuadaítear iad agus ní fheictear arís iad -- ní chúisítear na daoine ab údar don choir. In Casarne - Dí-adhlacadh an Chinedhíothaithe, sáraíonn muintir Casarne a n-eagla agus insíonn scéalta a dteaghlach (www.colombiasolidarity.org.uk).


Quien Dijo Miedo – Honduras de un Golpe [Honduras/an Airgintín/2010/118’] Stiúrthóir: Katia Lara.
Cé atá Eaglach – laistigh den Coup d’État in Honduras leantar René Guillermo Amador Padilla le linn do mhuintir Honduras bheith ag cur i gcoinne coup míleata an 28 Meitheamh 2009. Chuaigh René isteach i bhFronta Comhraic Náisiúnta an Phobail (FRNP) ar chéad lá an coup. Insítear mar gheall ar conas a mhúscail eachtraí a tharla pobal agus troid leanúnach an phobail i gcoinne idirghabháil na Stát Aontaithe sa tír.
Chuir ginearáil an airm iallach ar an Uachtarán Manuel Zelaya ar bord eitleáin a d’imigh go Costa Rica. Cuireadh tús leis an coup míleata ansin. Is ag an bpointe sin a thosnaigh Katia Lara ag scannánú a raibh ag titim amach. Clúdaíonn “Quien dijo miedo” na nithe nár chlúdaigh na meáin choparáideacha: conas a d’eagraigh pobal Honduras iad féin chun daonlathas a thabhairt ar ais in éagmais dlí an stáit.
Cuirfidh Juan Muñez Portillo ó El Salvador, atá ag déanamh staidéir ar PhD sa Pholaitíocht in DCU, an scannán faisnéise i láthair.

Tadhg Ó Cruadhlaoich [Comhordaitheoir na Féile].

Le cabhair ó Foras na Gaeilge / With the assistance of Foras na Gaeilge.


Ionad Buail Isteach Ionad Buail Isteach