Ag Ordú Deochanna: Is saineolaí é Seosamh Ó Conchubair ag an taisc seo: ag ordú deochanna agus an-chleachtadh go deo aige mar fhear beáir Chlub an Conartha. Beir leat do chuid airgid agus chuile seans go dtabharfaidh sé deoch duit ach é a dhéanamh trí Ghaeilge.

Aghaidh-dhathú: Beidh Nadine agus a cairde ag déanamh aghaidh-dhathú do daoine beaga nó móra ar feadh dhá uair an chloig!

An Phíarsaigh: An bhfuil dhá cos chlé agat? B’fhéidir go mbeidh do dhá cosa ró-scriosta ag deireadh an lae chun dul i mbun damhsa ach bí i do shuí ag éisteacht le Míchael Mac Aonghusa agus é ag roinnt a chuid eolas faoin bPiarsach linn. Beidh deis agus fóram cainte leis faoi agus níl áit níos fearr chun Ionad an Phiarsaigh chun sin a dhéanamh. Tá súil againn go mbeadh Pádraig Mac Phiaras sásta leis an méid Gaeilge atá le chloisteáil thart fá na háite inniu!

An tSeapáin- taisteal agus teanga: Tá Brían Goddard, saineolaí cúrsaí idirchultúrtha agus Yuka as an tSeapáin chun caint a dhéanamh faoi ag taisteal sa tSeapáin agus chuile seans go mbeidh roinnt frásaí Seapáinise le foghlaim trí mheán na Gaeilge chomh maith!

Bia yummy: Déanann Aoileann Garavaglia yummy parties agus ba bhreá léi roinnt tips a thaispeáint dúinn! Chuile seans go mbeadh bia le blaiseadh ann chomh maith.

Bodhránaíocht: An bodhrán thú – Beidh Crochur ag léiriú conas bodhrán (nó b’fhéídir bosca pizza) a sheinm le taispeantás ‘hands-on’. Ní caithfidh tú boscaí pizza amach a thuilleadh tar éis an ceardlann sin!

Briathra: an glance card úd ildaite sin a mbíonn ar gach duine – beidh Colleen Dollard á úsáid le liathróidí ildaite chun cleachtadh taitneamheach a dhéanamh le go mbeidh ár mbriathra seilbhte níos doimhne againn Cé thú fhéin? Más fíor thosaitheoir thú, nó duine nach bhfuil go maith ag bualadh le daoine nua trí mheán na Gaeilge, bí linn sa cheardlann seo chun foghlaim nó athfhoghlaim conas daoine a bheannú i gceart!

Ceardlann ealaíona - líníocht le pastal. Beidh Cliodhna Cussen ag cabhrú le daoine cath cluain tairbh a léiriú le pastels ar pháipéar. Beidh dhá uair an chloig de dhíth ort chun an scéal iomlán a tharraingt!

Céilí Mór: clárú don chéilí – Beidh céilí ann san oíche agus sula dtosnaíonn an céilí, beidh ceardlann damhsa ann chomh maith le ceardlann faoi conas frásaí úsaideacha a rá ar nós ‘ar mhaith leat rince liom?’

Clárú: Tar isteach agus faigh do phaicéad eolais. Is féidir leat suaitheantas aitheantais a cur ort le dathanna a léiríonn ó ghach duine cén áit a mhothaíonn tú inniu le do chuid Gaeilge mar seo: bándearg: A1 beginner – corcra: A2 advanced beginner – gorm: B1 intermediate – glás: B2 meán-ard – buí: C1 ard – ór: C2 fíor-ard. Beidh lipéad ar ghach ceardlann de réír na dathanna siúd agus beidh roinnt cinn oráiste ann chomh maith a mbeidh oiriúnach do gach duine. Tá cead do chinn freastal ar gach leibheál ceardlann le caveat amháin: Ní féidir leat ceist bandhearg a chuir i gceardlann buí, nó ceann buí a chuir i rang bandhearg.

Clárú: Tar isteach agus faigh do phaiceaid eolais. Is féidir leat suaimheantas aitheantais a cur ort le dathanna a léiríonn ó ghach duine cén áit a mhothaíonn tú inniu le do chuid Gaeilge!

A1
A2
B1
B2
C1
C2
bándearg:
beginner –
corcra:
advanced beginner -
gorm:
intermediate -
glas:
meán-ard -
buí:
ard-
ór fíor-ard -
oráiste: appropriate for all

Cluiche málaí rúnda – sin cluiche a thugann leisciúil duit (más é go bhfuil ceann uait) chun dul i mbun cainte le gach duine san áit. Beidh mála éadach curtha ar gach duine le biorán – duais ag dul chuig an té is tapúla chun fáil amach cad iad na rudaí rúnda uilig agus an t-ainm Gaeilge i gceart do ghach rud!

Cluichí cártaí beiriste – tá níos mó na t-aonanna ina mhuinchille ag Fionn Ó Gradaigh – taispeánfaidh sé an stór focail atá uait chun d’aghaidh poker a choinneáil ort trí Ghaeilge.

Cniotáil & cróiseáil - Bíodh comhrá agat le Máirín Uí Chronchuair agus a snáth is a snáthaidí agus beidh tú ag snátha, ag sní agus ag spalpadh Gaeilge léi roimh i bhád

Cosdornálaíochta: Is beanín beag álainn múinte í Nadine Ní Chualacháin, banphrionsa agus seaimpín na cosdornálaíochta, ach fan go bhfeicfidh tú cosa an wonder-woman seo agus í i mbun oibre!

Crêpes ón Bhriotáin Ag déanamh crêpes le beirt ón Bhriotáin, ár gcoil ceathracha ceiltigh, beidh Bertrand Hugo agus Levenez Lidec ag míniú dúinn conas crêpes a dhéanamh (agus a ithe) trí mheán na Gaeilge!

Cúlchaint: Cé a rinne cad é, cáthain – sin í an cheist – beidh an-chuid cúlchaint faoi ros na rún ar siúl lenár Peadar ‘Daniel’ Ó Colmáin. Ní gá aon ní bheidh ar eolas faoin sobaldhráma in aon chor ach taispeánfaidh Peadar conas foghlaim as na carachtar suimiúla siúd uilig

Duine ar dhuine - An bhfuil deacracht agat cinneadh a dhéanamh faoi cad ba cheart duit a dhéanamh? Ag lorg briseadh beag? Téigh chuig fógra dhuine ar dhuine taobh amuigh den amharclann agus bualfaidh tú le daoine eile atá dímhaoin agus ag lorg comhluadar nó cleachtadh cainte

Ficheall: Is banríon na na ficheille í Úna Uí Bhaoill agus taispeánfaidh sise conas taitneamh a bhaint as an gcluiche siúd trí mheán na gaeilge.

Foghraíocht – tá an- loighic go deo le litríocht na Gaeilge, ach cúpla nóiméad a thabhairt gó Ailín Ó Súilebháin lena teanga óir gach rud a shoiléiriú duit!

Frásaí bunúsacha – más bunthosaitheoir thú nó duine nach mbíonn mórán deis aice/aige caint faoi rudaí bunúsacha trí Ghaeilge, tar chuig Peadar agus beidh na frásaí ag síleadh uait gan mórán moille …Peadar Ó Colmáin

Gearrscannáin – beidh poparbhar agus tá sraith nua gearrscannáin ag Seán Mac Suibhne agus beidh deis ag gach duine caint fúthu, ar ndóigh

Hípnóisís: ‘An Choill Draoíchta’: Aclaíocht den tSamhlaíocht atá i gceist le sin saghas hípnóisís nó ceacht faoi conas tú féin a chur ar do shuaimhneas le dlúthdhíosca atá déanta trí Ghaeilge ag Rosemarie Durkin darb ainm ‘an choill draíochta’. Beidh pictiúirí le dathu nó le clúdú le doodles don té nach maith leo a shúile a dhúnadh i lár an lae!

Ioga – An bhfuil an tséasúir fhéile phádraigh ag cur mhearbhaill ort? Tár chuig ceardlann Roisin Devoy chun do chorp agus d’intinn a chur ar a shuaimhneas!

Lámhchleasaíocht – beidh lámha Eoghan Ó Giobúin an-ghnóthach ar fad, idir liathróidí lámhchleasaíochta agus líomóidí ag dul i ngach áit, ní mór duit a bheith ar an airdeall . . .

Líricí ceoil♫♪ Níl aon chaoi níos greannmhaire ná a bheith ag learning with lyrics taispeánfaidh Colleen Dollard roinnt amhráin Kíla duit.

Litríocht: Sa cheardlann seo tabharfaidh Christoph Wendler scracfhéachaint ar litríocht chomhaimseartha na Gaeilge. Tá sé mar aidhm ag an gceardlann a chur in iúl duit go bhfuil scoth na litríochta ar fáil i nGaeilge atá neamhghnách, suimiúil, gnéasúil agus ar chomhchéim le litríocht a fhoilsítear i mórtheangacha.

Marbh gan tae! – Bíodh cupán tae nó caife agat mar go mbeidh caifein de dhíth ort chun an lá sin a críochnú!

Origamí: Beidh Yuka as an tSeapáin, ag léiriú trí Seapáinise conas rudaí a chruthú le páipéir origami agus Brian Goddard, mar ateangaire dí!

Rince – is rinceoir den scoth é Ciaran Gray agus taispeánfaidh sé roinnt moves nua duit gan stró ag an gceardlann sin!

Seoladh Leabhair: Tá leabhar nua á seoladh ag Coiscéím – buail isteach chun tuilleadh eolais a fháil faoi agus cúpla focal a bheith agat leis an údar!

Seoladh leabhar & suíomh idirlin – Beidh Darach Ó Scolaí ag seoladh agus ag léiriú Lúsaí Breacan: leabhar agus suíomh idirlíne idirghníomhaíocht

Siopa Leabhair: Beidh roinnt leabhair ar dhíol ag Fergus Ó Snodaigh ó Choiscéim chomh maith.

Smoothies Ghaeilge – bíonn fuinneamh i torthaí a deirtear, bímis ag ól ár cúig torthaí/glasraí den lae!

Treoir : Cá bhfuil do thriall? Beidh Eoghan Ó Giobúin ag cabhrú leat do bhealach a aimsiú thart fá na tire. Beidh léarscáil na hÉireann leagtha amach agus beidh craic ar dóigh ann le foireann na mná agus foireann na fir ann agus iad uilig ag iarraidh fháil amach cé acu dream is fearr le treoracha trí mheán na Gaeilge.

Twister: Beidh mic léinn as DIT ag pleidhcíocht le dathanna agus baill do chorp!

Ultimate Frisbee: Beidh Peadar Ó Lachtnáin agus a chairde ag imirt ultimate frisbee libh – cad é ultimate Frisbee go díreach? Caithfidh tú teacht chun freagra na cheiste sin a fháil amach!

Yahtzee: An bhfuil do chuid uimhreacha ar eolas agat? Ar imir tú poker le dísle riamh cheana? Bí ann agus beidh deis iontach-taitneamh agat chun do chuid Gaeilge a úsáid agus tú ag comhaireamh pointí agus dísle Yahtzee