|
![]() |
|
An Chomhdháil Cheilteach,
f/ch Conradh na Gaeilge,
6 Sráid Fhearchair,
Baile Átha Cliath 2 |
dan nawdd Cangen Iwerddon y Gyngres Geltaidd
faoi choimirce Chraobh na hÉireann den Chomhdháil Cheilteach
CROESO I BAWB * FÁILTE ROIMH CHÁCH
lluniaeth ar gael * sóláistí ar fáil
mynediad am ddim * cead isteach saor in aisce
caneuon o Iwerddon a Chymru gyda'i gilydd
amhráin de chuid na hÉireann agus na Breataine Bige in éineacht
yn Neuadd Foras na Gaeilge * i Halla Fhoras na Gaeilge
7 Cearnóg Mhuirfean
Baile Átha Cliath 2
8 yh-10 yh 3 EBrill 2008 * 8in.-10in. 3 Aibreán 2008
gwybodaeth bellach 087-941 8917 eolas breise
|
PREASRÁITEAS
Ba mhaith le Craobh na hÉireann den Chomhdháil Cheilteach a chur in iúl go mbeidh cóisir Bhreatnach á reáchtáil i Halla Fhoras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath ar an 3ú Aibreán 2008 ar a hocht a chlog.
Bíonn teacht le chéile ag an gComhdháil Idirnáisiúnta Cheilteach gach bliain. Tá sé mar chuspóir ag an gComhdháil Cheilteach: (i) saíocht, barrshampla agus teangacha na bpobal Ceilteach a bhuanú agus (ii) caidreamh intleachta agus comhar dlúth idir na pobail Cheilteacha a chothú.
Beidh ár dtriall ar an Bhreatain Bheag an samhradh seo. Beidh cóisir againn roimh ré, mar is dual dúinn, ag a mbeidh béim ar cheol agus caint ar chultúr na Breataine Bige. Is ócáid í seo nach dtarlaíonn ach gach 6ú bliain.
Bígí linn. Beidh saorchead isteach agus sóláistí ar fáil. Tá fáilte roimh gach éinne a bheith inár dteannta - ná dearmad - an 3ú Aibreán ar a hocht.
Eolas breise: 087-941 8917 |