An Ceathrú Féile Scannán Mheiriceá Laidineach 2003

  • Clár
    • Aoine, 4ú Aibreán Clár gearrscannán Mheiriceá Laidineach
      • 4 p.m. El Espejo/An Scathán Juego de Niños/Spraoi Pháistí Canción para Vieques/ Amhrán do Vieques Veneno/Nimh Dadá Las Huellas de Cecilia/I gCoiscéimenna Cecilia
      • 7 p.m. Bottom Line - privatising the World FEDECOCAGUA
    • Satharn 5ú Aibreán Gearrscannán na hEorpa
      • 11 a.m. Gömd/Faoi cheilt Lá Bealtaine 2001 Murals and Muralists Voces Argentinas/Glórtha na hArgintíne
      • 1.00 p.m. Cuzco 1999 Choropampa - el precio del ora/luach an óir Aoine 11ú Aibreán
      • 5.00 p.m. Meeting Che Guevara and the man from Maybury Hill The Revolution will not be televised.
  • Scannáin
    • El Espejo/An Scathán (Ecuador/2001/8 neom.) Stiúrthóir: José Rafael Zambrano Brito.

      Lá amháin bhí David, fiche bliain d'aois, ag siúl ar an mbóthar agus is beag nár leagadh é le carr. Nuair a bhreathnaigh sé ar an tiománaí, d'aithin sé go b'é a athair é, a d'fhág é féin is a mháthair Sofia, 15 bliana roimhe, i gcúinsí deacra. Tá David in ann theacht thairis a shean-trauma tríd an eachtra seo. Tuigeann sé go bhfuil daoine atá ceanúil air - a mháthair is a leas-athair. Ní bheidh fo-theidil ar an scannán seo.

      Cuirfidh Patricia Zambrano, deirfiúr José, el Espejo/An Scathán, i láthair. Tá sí pósta ar an Longfoirt le Kieran Furey, file agus tacaitheoir Mheiriceá Laidineach.

    • Juego de Niños/Spraoi Pháiste (Meicsiceo/2002/4.5 neomat) Stiúrthóir: Carlos Cuarón

      Tá píonós curtha ar Tere ag a háthair, caithfidh sí fanacht ina seomra. Faigheann sí amach trí gníomh feargach nach ionann an grá agus spraoí pháiste.

      Canción para Vieques/Amhrán do Vieques (Puerto Rico/2001/6 neom.) Stiúrthóir: Raúl Rosado

      Amhrán láidir do Vieques, brathacha ar crochadh, héalacaptar SAM ag eitilt go híseal os cionn an tséipéil agus na croiseanna ar an trá. (Tá trialacha buamaí ar siúl ag Cabhlacht SAM arís. Tá ráflaí ann go mbeidh Cabhlacht SAM ag fágáil Vieques faoi mí Bealtaine, ach tá amhras ar dhaoine. Agus má imíonn siad, fágfaidh siad timpeallacht ina ndiaidh atá míllte le truallú nimhneach).

    • Veneno/Nimh (Meicsiceo/2002/3 neom.) Stiúrthóir: Monserrat Larqué "Tá nimh i do anraith, a Dhaideo", "Go raibh maith agat" a fhreagraíonn sé agus leanann sé ar aghaidh á ól agus a lámh ag craitheadh.
    • Dadá (An Bhrasaíl/2001/20 neomat) Stiúrthóir: Eduardo Vaisman

      D'fhás Dilson, Dadá agus Denis suas le chéile i Vidigal, baile bocht ar cnochán, agus is dlúthchairde iad. Faigheann Dadá amach go bhfuil sí ag súil le páiste, agus d'fhéadfadh sin cur isteach ar an gcairdeas. Glacann Joanathan, Thaísa agus Jesus - triúr aisteori atá ina gcónaí i Vidigal páirt sa ngearrscannán.

    • Las Huellas de Cecilia/I gCoiscéimeanna Cecilia (Cúba-éire/2001/15 neom.) Stiúrthóirí: Roberto Ruiz agus Bernie Dwyer

      Is comhléiriú atá sa scannán seo idir Two Islands Production agus CHTV, 'Las Huellas de Cecilia McPartland/I gcoiscéimeanna Cecilia McPartland, a insíonn scéal faoi chailín 17 bliana a chuaigh ar imirce go Stáit Aontaithe Mheiriceá ag deireadh 19ú céad. Chuaigh sí i dtosach go Nua Eabhrach agus ansin go Nua Orleans áit ar bhuail sí le fear i bhfad níos sine ná í ón Phoblacht Doiminiceánach (roimhe sin Esopanola) a raibh cónaí air i Havana, agus é ina tháilliúr rachmasach. Bhí sé pósta cheana agus páistí aige. Thug sé go Havana í agus thug teach di, áit a raibh beirt ghasúr acu. Ba duine acu sin Julio Antonia Mella, a mharaigh lucht Batista i Meicsiceo ag aois a 26.

    • Bottom Line - Privatising the World (Ceanada/2002/63 neom.) Stiúrthóir: Carole Poliquin

      Tríd scéalta éagsúla suite i gCeanada, Meicsiceo, SAM, An Bhraisíl agus an Ind, léiríonn an scannán faisnéise seo ollsmacht lucht rachmais ar an domhain, agus na droch-thorthaí ar sin. Tugtar cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar choincheap "common good" atá faoi bhagairt ag laghdú ar ról an stáit agus an claonadh atá ann bhunearraí a dhéanamh as gach rud. Táthar ag goid uisce (Sé bliain an fhuar-uisce é 2003 de réir na Náisiún Aontaithe) ó na daoine dúchasacha i Meicsiceo Thuaidh chun é a úsáid i ngnó dhian-thalmhaíochta SAM. An bhfuil réiteach ar an scéal? Tá! Ceann acu ná FEDECOCAGUA

    • FEDECOCAGUA (Guatemala/2003/13 neom.)

      I Márta 2003, tá 148 comharchumann cláraithe le FEDECOCAGUA (Federación de Cooperativas Agrícolas de Productores de Café de Guatemala, R, L.), ag dul chun tairbhe 500,000 duine, go díreach agus go hindíreach. Tosaíodh é 30 bliain ó shoin, ag seasamh don fheirmeora beag agus don chomharchumann, ag gearradh amach lucht gaimbín, chun comhairle riaracháin agus dlí, seirbhísí cuntasaíochta, comh-oideachas, comhairle theicniúil ar thalmhaíocht, agus íasachtaí a chur ar fáil.

      In Oir-Thuaisceart Guatemala, úsáidtear an laíon de chaifé mar leasú orgánach don chaifé orgánach, maraon le leasú dá gcuid bia féin. Bhí Gerardo Alberto de León ó FEDECOCAGUA ina aoí ag Coicíos Trádáil Chothrom 2002 (feicfidh tú ar chlé é, ag triail caifé sa scannán) i dTullach Mór ag láinseáil polasaí Trádáil Chothrom Chomhairle Cho. Uibh Fháilí. Tá Feachtas Trócaire don Charghas 2003 ag cur béim ar míchothromas an tsochaí i Guatemala. Is bealach eile é Trádáil Cothrom.

      Tá an léiriú seo in ómós do chuimhne Peter Moore. Tá sé fós mar ionsparáid againn, lena anailís gonta ar an ollsmacht domhanda atá á bhrú orainn. B'fhéidir nach raibh mórán meas aige ar lucht na timpeallachta, ach fós bhagair sé go raibh saibhreas an nadúir á ngoid uainn, mar shampla uisce, agus an bagairt lena bpríobhádú ó Bolivia (Chocobamba) go dtí Baile áth Cliath-Cill Dara (Curragh Aquifer). Bhí sé mar duine de bhunaitheoirí Guatemala Information Group. Ba chomrádaí/cara/companero é do aoinne a d'éist lena anailís ghéar, agus a chuid greann. I measc laochra na nGael go raibh tú, a Pheadair.

    • Gömd/Hidden (An tSualainn/2002/8 neom.) Stiúrthóir: Hann Hailborn, David Aronwitsch agus Mats Johansson

      Is ón bPeiriú é Giancarlo agus níl ceadúnas aige chun fanacht sa tSualainn. Sa gcartún seo, feiceann muid cén chaoi a mhaireann sé faoi cheilt agus na póilíní agus daoine eile sa tóir air. Aistríonn an scannán ón bPeiriú go dtí an tSualainn, agus an seomra ina gcuirtear agallamh air. Tá na caraictéir bunaithe i 3D ar líníocht Mats Johansson.

    • Lá Bealtaine 2001 (Sasana/2002/13 neom.) Stiúrthóir: Peter Watkins

      Scannán déanta ag léirsithe frith-chaipitleacha Lá Bealtaine 2001. Tá 'glacadh le iriseoireacht neamhspleách' mar fráma air, rud a ghlacann daoine leis mar an fhírinne - mar go bhfaca siad ar theilifís é.

    • Murals and Muralists (éire/2003/30 neom.)

      Tá ealaíontóir ó Salvador, Gilberto Arriaza, ag péinteáil múrmhaisi le páistí sráide i San Salvador ar thionscnamh Thrócaire. Thug tionscnamh Doire-El Salvador cuireadh dó theacht go héirinn chun oibriú le náisiúntóirí agus lucht óráiste i nDoire agus Béal Feirste. Páirteach tá Tom Kelly, poblachtánach agus Marty Edwards, dílseoir. Déanadh an scannán i nDoire.

    • Voces Argentinas/Glórtha na hArgintíne(Sasana/2002/6 neom.) Stiúrthóir: Dylan Howitt agus Zoe Young

      "Ba cheart dóibh ar fad, an rialtas, an chúirt uachtarach, ar fad bheith faoi bhreithiúnas ionnas go dtabharfaid siad ar ais an t-airgead a ghoid siad", a deir bean ar shráideanna Buenos Aires. Deireann fear, "Nach crua iad a mharaigh ár ndóchas, na deachtóirí míleata a bhrú an chóras neo-libearálach". CHORROS/GADAITHE. Ach tá dóchas ann - ó na cruinnithe comharsanachta de Calallito, gníomhaíocht na piqueteros ó La Boca, margadh El Corralito gan airgead sa Plaza del congreso. Tá daoine beo trí earraí a mhalartú. Deireann duine amháin ag an margadh - "táimid ag cruthú gréasán dlúthpháirtíochta". Domhain gan ceannairí á shamhlú agus ionsparáid á thabhairt.

      Beidh na Stiúrthóirí, Dylan Howitt agus Zoe Young i láthair chun léiriú Voces Argentinas/Glórtha na hArgintíne a chur i láthair agus beidh plé ina dhiaidh.

    • Cuzco 1999 (SAM/éire/Peiriú/2002/65 neom.) Stiúrthóir: Dónal ó Ceilleachair

      Ag croí Cuzco 1999, tá iarracht ó dhuine ón dtaobh amuigh léargas domhanda Mheiriceá Laidineach a chur i láthair. In aois seo an ollsmachta domhanda agus an cultúr angla-mheiriceá, ní bhíonn an ndóthain aird ar leagan amach na ndúchasaigh.

      Tugann Cusco 1999 iarracht ar leagan amach mhuintir na hAindéis ar chúrsaí ama agus áite a shoiléiriú, leagan-amach an-difriúil ó lucht Eorpach/SAM, agus ag an am gcéanna ag taispeáint chomh chasta is atá an saol idir an dá leagan-amach.

      (Cloistear Quechua i Cusco 1999, teanga dúchasach, atá ar aon dul leis an nGaeilge sa bhFéile dátheangach seo).

    • Choropampa-el precio del oro/Praghas an óir (An Peiriú/2002/75 neom. Stiúrthóirí: Stephanie Boyd agus Ernesto Cabellos

      Tar éis timpist uafásach ina ndóirteann an comhlacht minadóireachta is mó ar domhain mearcair i sráidbhaile beag Choropampa, ceantar Cajamarca i sléibhte Aindéis an Pheiriú, tosaíonn éiri amach ann. Tagann ceannaire óg chun cinn, maora na háite, atá ag lorg cóir leighis agus cothrom na Féinne dá mhuintir. Ach déanann lucht gnó cumhachtach gach iarracht iad a smachtú thar dhá bhliain, sa scannán láidir seo a taispeánann fíor phraghas an óir.

      Beidh Clare O'Neill, atá ag obair do Thrócaire i bPeiriú agus Ecuador, i láthair chun Choropampa a chur i láthair. Thug Trócaire tacaíocht don scannán seo, agus tá tionscnaimh acu i gceantar Cajamarca.

    • Meeting Che Guevara and the man from Maybury Hill (éire/2002/17 neom.) Stiúrthóir: Anthony Byrne

      I gcaitheamh an ghéarchéim 'Cuban missile crisis' i l963, léann bean óg ó bhaile beag beag "War of the Worlds" le H. G. Wells. Faigheann seo greim ar a samhlaíocht agus tagann an fíor-saol agus an scéal le chéile agus tosaíonn sí ar aistear chun bualadh le Che Guevara chun an domhain a shabháil ó ionradh ó Mars. Déanta i dubh agus bán le Des Wilson, tá ról ann ag Fiona O Shaughnessy, Karl Shiels (mar Che) Jim Norton agus John Hurt. Le déanaí, bhí sé cláraithe le 'Far from Heaven (SAM) ins na pictiúrlanna ar fúd na tíre.

    • The Revolution Will Not be Televised (éire/2003/74 neom.) Stiúrthóirí: Kim Bartley agus Donnacha ó Briain

      Is scannán faisnéise é "The Revolution Will Not be Televised" ar Hugo Chavez, Uachtarán Venezuela. Thar seacht mhí, ó Eanáir go Iúil 2002, d'éirigh le lucht an scannáin an tUachtarán Chavez a leanúint ina shaol laethúil. I rith an ama sin, bhí coup ann. Ní raibh ann ach iad taobh istigh den phálas ag an am agus bhíodar ar an chéad dream ann nuair a d'fhill sé 48 uaireannta níos déanaí. Ar 11 Aibreán 2002, chuala an domhain an scéal gur caitheadh an tUachtarán Hugo Chavez as post agus gur ainmníodh rialtas "eatramhach". Tugadh le fios ar nuacht i ndiaidh nuachta go raibh ciréibeanna i gCaracas, áit ar maraíodh 11 duine, dúradh i gcismirtí idir lucht leanúna Chavez agus lucht freasúra. Taispeánadh do lucht féachana an domhain gur ordaigh Chavez an marú, agus gur cuireadh iachall air éirí as a phost. Is íontach an léargas ar na meáin chumarsáide domhanda é an scannan seo "The Revolution Will Not be Televised".

      Beidh na Stiúrthóirí, Kim Bartley agus Donncha ó Briain i láthair chun plé a dhéanamh linn tar éis an taispeántais, bliain tar éis an chéad coup i Venezuela.

    • El Rey de Rock'n'Roll (US/2000/57 neomat) Stiúrthóir: Majorie Chodorov

      "Níl mé cosúil le Elvis, mar sin déanfaidh mé mo bhealach féin é", a deir El Vez, an Elvis Meiciseach, a chaiteann léine oscailte le slabhraí óir agus brístí faiscithe le bun leathan leo. Tá clú air dá amhráin cosúil le 'You Ain't Nothin' but a Chihuahua', 'En El Barrio' agus 'Lordy Miss Lupe'. An fíor-ainm atá air ná Robert Lopez agus lena chrombhéil tanaí, ghruaig dhubh agus súile mealtacha, b'fhéidir nach díreach cosúil le Elvis é, ach tá na mothúcháin aige. Tá ceathrar ar a chúl ar an stáitse, na Elvettes, na Memphis Mariachis agus an feistis le Diana Ross. Bím ag iarraidh oideachas a chur chun cinn chomh maith le caitheamh aimsire. 'Labhraim ar Che Guevara, na Zapatistas agus na United Farm Workers'.

An Ceathrú Féile Scannáin Mheiriceá Laidineach 2003 - ar thuras
  • Luan 7ú Aibreán
    • El Espejo/An Scathán
    • Choropampa - el precio del oro/luach an óir Cuirfidh Kieran Furey, dearthár chéile José, an clár seo i láthair. Déarfaidh sé roinnt dánta, i dteannta Elsie Deevey, cuid acu bainteach le Meiriceá Laidineach.
  • Céadaoin 9ú
    • Dadá
    • El Rey de Rock'n 'Roll
  • Déardaoin 10ú
    • Murals and Muralists
    • Cuzco 1999

An tSiúr Peter Coleman, El Salvador Awareness, a chuireas an clár seo i láthair.

Tá na léirithe seo ina chomh-imeacht idir an Ceathrú Féile Scannán Mheiriceá Laidineach, Seachtain Mheiriceá Laidineach agus Ionad Oideachais agus Forbartha Laoise, agus beidh sé ar siúl in Ionad Teagasc, Bóthar Mhainistir Mhíle, Port Laoise, Co. Laoise.

Cead isteach saor in aisce agus fáilte roimh chách. Beidh sóláistí Trádáil Chothrom ar fáil tar éis gach scannán.

Buíochas: Stiúrthóirí des na gearrscannáin agus scannáin faisnéise a thug cead craolta agus dea-thoil; Institiúid Teicneolaíochta Bhaile átha Cliath; An tIonad Dlúthpháirteach le Meiriceá Laidineach (LASC), Féile Scannán Chorcaí, Ionad Buail Isteach na Gaeilge, Foras na Gaeilge, Teagasc, Portlaoise, An tIonad Oideachas agus Forbartha Laoise, Oifig Ealaíne Laoise agus An Choiste Náisiúnta um Forbairt Oideachais (NCDE).

An Ceathrú Féile Scannán Mheiriceá Laidineach 2003

Tá an Ceathrú Féile Scannán Mheiriceá Laidineach á reachtáil i dtír ar a bhfuil clú uirthi gur muid "an tír is mó atá faoi thionchar domhandú". Is cúis mhór imní seo. Cén obair ar féidir linne a dhéanamh chun ghéarchéim ár stádas náisiúnta a réiteach - I gcás Mheiriceá Laidineach, tá an brú céanna orthu le na comhráití reatha faoin gComhaontú Saor Trádála Mheiriceá Laidineach (CAFTA) agus Plean Puebla Panamá (PPP). Conas gur féidir tús áite a thabhairt don eacnamaíocht, thairis cearta daonna agus na timpeallachta? Cén obair ar féidir linne a dhéanamh chun an ghéarchéim domhanta seo, atá ag méadú in aghaidh an lae, a réiteach? Is féidir linn tosnú trí chuairt a thabhairt ar mhór-roinn siumiúil, atá ina chíor thuaithail go minic, sé sin Meiriceá Laidineach - sa gcás seo, trí chuairt a thabhairt ar an gCeathrú Féile Scannán Mheiriceá Laidineach. Is mór-roinn lán le fuinneamh agus éagsúlacht é, agus dá gceadófaí dóibh, a chruthódh samplaí de forbairt inmharthana (Agenda 21) a thabharfadh ionsparáid dúinn ar fad. Tá cúrsaí éirithe siumiúil arís, le Chavez (Veiniséala), Lula (An Bhrasíl) agus Castro (Cúba) i gcumhacht, agus seans cothromú comhachta nua.

Beidh an Ceathrú Féile Mheiriceá Laidineach ag cur béim ar ghearrscannán agus scannán faisnéise agus arís beidh an Féíle Scannán i bpáirt le Seachtain Mheiriceá Laidineach (LAW), atá ar siúl idir an Satharn 5 - 12 Aibreán. An téama do LAW 2003 ná "Saor Trádáil, Domhandacht Chorporáideach - ag tromaíocht ar na bochtáin". Beidh an fhéile ar siúl ag Institiúid Theicneolaíochta Bhaile átha Cliath, Sráid Ainséir, Baile átha Cliath 2. Beidh na scannán mhóra ar siúl ar an dara urlár (halla 2046) agus beidh fógraí ar crochadh i rith na féile. Beidh fo-theidil ar na scannán nuair is gá. Beidh raon scannán á thaispeáin i bPort Laoise i mbliana.

Tá cead isteach saor in aisce agus iarrtar ar lucht féachana bheith ann in am tráth. Beidh soláistí Fair Trade (Cafedirect agus Teadirect) ar fáil, chomh maith le taispeántas leabhar srl. ón Ionad Dlúthpháirteach le Meiriceá Laidineach (LASC).